Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 05 Meitheamh 2025

Leagann an tAontas amach a Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta

Leag an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí fís chomhpháirteach amach le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le cúrsaí digiteacha.

Two businessmen in suits shake hands, their arms overlapping with a glowing, transparent blue globe overlaid with a digital network of lines and numbers.

GettyImages © metamorworks

Ós rud é go bhfuil geilleagair agus sochaithe á n-athmhúnlú ag an réabhlóid dhigiteach i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhomhanda atá níos dúshlánaí ná riamh, léirítear i Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta nua an Aontais gur comhpháirtí cobhsaí iontaofa é an tAontas, atá oscailte don chomhar digiteach le comhghuaillithe agus comhpháirtithe.

Cé go ndéanfaidh an tAontas a sheacht ndícheall borradh a chur faoin iomaíochas san intleacht shaorga agus i bpríomhtheicneolaíochtaí eile sa bhaile, oibreoidh sé freisin le comhpháirtithe chun tacú lena n-aistriú digiteach féin. Athdhearbhaítear sa Straitéis tiomantas an Aontais ord digiteach domhanda riailbhunaithe a thógáil, i gcomhréir lena bhunluachanna.

Tá na cuspóirí seo a leanas ag an Straitéis:

  • Chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a leathnú, trí Chomhpháirtíochtaí Digiteacha agus Idirphléití Digiteacha atá ann cheana a dhoimhniú, trí chomhpháirtíochtaí nua a bhunú, agus trí chomhar a chothú trí Líonra Comhpháirtíochta Digití nua, neartóidh an tAontas a iomaíochas agus a shlándáil teicneolaíochta chomh maith le hiomaíochas agus slándáil a chomhpháirtithe.
  • Tairiscint Ghnó Teicneolaíochta an Aontais a chur in úsáid, trí infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach agus phoiblí san Aontas a chomhcheangal chun tacú le haistriú digiteach tíortha comhpháirtíochta, lena n-ionchorpraítear comhpháirteanna amhail Monarchana IS, infheistíochtaí i nascacht shlán iontaofa, Bonneagar Poiblí Digiteach, cibearshlándáil, agus go leor eile.
  • Rialachas digiteach domhanda a neartú, trí ord digiteach domhanda riailbhunaithe a chur chun cinn, i gcomhréir le bunluachanna an Aontais.

Léigh an phreaseisiúint iomlán agus na ráitis ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen.

Tuilleadh eolais

 

Related content